Is Podchraoladh é seo ón mblag Idirbhliana "Ardán na Feóire" le rang Feóire ó Choláiste Cois Life i Leamhcán, Co. Áth Cliath. Déantar cur síos sa bhlag ar ghnáthimeachtaí an tsaoil, saol an déagóra agus cúrsaí scoile, chomh maith le hábhair spéise an ranga.
Is féidir an blag a léamh anseo:
https://ardannafeoireccl.blogspot.com
San eagrán seo de Phodchraoladh Ardán na Feóire atá mar pháirt d'imeachtaí Bhliain na Gaeilge ón ETBI, déanann Leah, Aisling agus Caoimhe C dreas cainte le hOsgur Ó Ciardha. Is gníomhaí teanga agus óstánaí é Osgur Ó Ciardha, chomh maith le bheith mar dhuine de bhunaitheoirí an Pop Up Gaeltacht.
1 Feb 2021
#6 - Agallamh le hÁine Ní Bhreisleáin
San eagrán seo de Phodchraoladh Ardán na Feóire, atá mar pháirt de Bhliain na Gaeilge an ETBI, labhraíonn Abby, Barra agus Eimear le hÁine Ní Bhreisleáin. Is láithreoir raidió, iriseoir, podchraoltóir, scríbhneoir chomh maith le go rudaí eile í Áine Ní Bhreisleáin. Rugadh Áine i nGaeltacht Ghaoth Dobhair i gCo. Dhún na nGall agus tá sí bainteach leis na meáin Ghaeilge ó bhí sí san Ollscoil.
Bíonn Áine le cloisteáil ar an bPodchraoladh "Beo ar Éigean" agus ar an gclár Bladhaire ar RNAG le linn na seachtaine. Is clár siamsaíochta é Bladhaire a bhíonn ar siúl gach Déardaoin agus Aoine beo ó stiúideo Dhoirí Beaga. Bíonn plé ar chúrsaí siamsaíochta, seisiúin cheoil beo sa stiúideo, trácht ar imeachtaí ar fud na tíre, agallaimh le haíonna ar fud an domhain, agus corr-phíosa spóirt freisin.
Is féidir an clár "Bladhaire" a leanacht ar Twitter ag @bladhairernag
25 Jan 2021
#5 - Agallamh le Callum Warfield
San eagrán is déanaí de Phodchraoladh Ardán na Feóire, atá mar pháirt de Bhliain na Gaeilge an ETBI, déanann Séimí, Rachel, Eoin agus Eve píosa cainte le hiar-scoláire le Coláiste Cois Life, Callum Warfield. Is imreoir sacair é Callum Warfield le Foireann Bhaile Longfoirt a fuair ardú céime go Príomhroinn Sacair na hÉireann i mbliana. Bhí ról-lárnach ag Callum san ardú céime seo a bhain a fhoireann amach nuair a fuair siad an lámh in uachtar ar Shelbourne sa Chraobh. Faoi láthair, tá Callum ag staidéar in Ollscoil Mhaigh Nuad tar éis dó an Ardteist a chríochnú i gColáiste Cois Life i 2019.
12 Dec 2020
#4 - Agallamh le Máire Treasa Ní Cheallaigh
San eagrán is déanaí de Phodchraoladh Ardán na Feóire, atá mar pháirt de Bhliain na Gaeilge an ETBI, déanann Cian, Eimear, Luke agus Caoimhe C dreas cainte le Máire Treasa Ní Cheallaigh ó Performance MT agus Newstalk.
Is beag áit nach bhfuil Máire Treasa le fáil na laethanta seo mar gheall ar a cuid oibre leis na meáin mar iriseoir agus mar chraoltóir. Is síceolaí spóirt í Máire Treasa chomh maith agus i láthair na huaire, tá sí leath bealaigh tríd céim dochtúra a dhéanamh.
Is féidir níos mó eolais maidir le Performance MT a fháil ag www.performancemt.ie agus is féidir Máire Treasa a leanacht ar Twitter agus ar Instagram ag @MaireTNC .
4 Dec 2020
#3 - Agallamh le Tomás Mac Conmara
San eagrán seo de Phodchraoladh Ardán na Feóire, atá mar pháirt de Bhliain na Gaeilge an ETBI, labhraíonn Aisling, Conor, Jenny agus Ronán le Tomás Mac Conmara ó Mac Conmara Consulting.
Is údar agus staraí é Tomás Mac Conmara le saineolas ar an tréimhse staire ó 1916 go 1923 in Éirinn. Ar chuid de na leabhair atá foilsithe ag Tomás ná "High Prestige, The Story of Clare's All Ireland Hurling Champions of 1914", "Days of Hunger, The Clare Volunteers and the Mountjoy Hunger Strike of 1917" agus "The Time of the Tans", atá bunaithe ar os cionn 400 taifeadadh pearsanta le seanóirí maidir le Cogadh na Saoirse.
Dúirt Ryan Tubridy ar RTÉ, Raidio 1 agus é ag trácht ar an leabhar The Time of the Tans gur cheart "go mbeadh sé le fáil i ngach leabharlann scoile timpeall na tíre. Tá go leor iarrachta, go leor ama, mothúcháin agus dua acadúil" sa leabhar.
20 Nov 2020
#2 - Agallamh le Cian Ó Griallais, “An Spota Dubh”
San eagrán seo den phodcraoladh, atá mar pháirt de Bhliain na Gaeilge an ETBI, bíonn Niall, Caoimhe O, Cathal agus Abby ag labhairt le Cian Ó Griallais ó phodchraoladh "An Spota Dubh".
Is é "An Spota Dubh" podchraoladh oifigiúil an CLG le Cian Ó Griallais agus le Cárthach Bán Breathnach, a dhéanann plé le himreoirí, iar-imreoirí, saineolaithe agus le lucht bainistíochta ar chúrsaí spóirt agus ar chúrsaí CLG, ach go háirithe.
Is féidir éisteacht leis “An Spota Dubh” ar Spotify agus is fiú go mór an podchraoladh a leanacht ar Instagram @anspotadubh agus ar Twitter @an_spotadubh
15 Nov 2020
#1 - Agallamh le Jeff Neville, “The Loose Head”
Sa chéad eagrán den phodcraoladh, atá mar pháirt de Bhliain na Gaeilge an ETBI, labhraíonn Leah, Seán, Rachel agus Barra le Jeff Neville ó Phodchraoladh "The Loose Head".
Bíonn Jeff le cloisteáil ar a phodchraoladh féin, ar phodchraoltaí spóirt eile, ar Spóirt TG4 agus ar go leor áiteanna eile.
Is Podchraoladh é “The Loose Head” a dhéanann plé le himreoirí agus le lucht bainistíochta rugbaí ar a dtaithí ar chúrsaí an tsaoil agus ar chúrsaí rugbaí ach go háirithe.
Is féidir éisteacht le “The Loose Head” ar Spotify agus is fiú go mór é a leanacht ar Twitter agus ar Instagram @thelooseh
Contact Ardán na Feóire
Guest appearances
Books guests
Based on episode analysis; this does not confirm that the show is currently accepting guests.
Host of Ardán na Feóire?
Claim your podcast to manage its listing and keep your show details accurate.
Pod Engine is an independent podcast discovery and analytics service and is not affiliated with or endorsed by this podcast. Artwork and show content belong to their owners. Full legal notice.
Explore this show Podcast research with Pod Engine