Fáilte chuig Giob Geab, podchraoladh de chuid Gaelbhratach! Seo guth phobal Gaelbhratach: dúshláin, deiseanna agus scéalta pearsanta na scéime. Cuirfidh muid an 5 cheist chéanna ar mhuinteoirí, ar dhaltaí, ar fhoireann agus ar phobal na scéime, maraon le guth phobal na Gaeilge ar théama atá lárnach i ngach eagrán.
Ciara Ní Ghadhra: Forbair leis an Ghaeilge, agus cuidigh leis an Ghaeilge a fhorbairt
Fáilte chuig an eagrán deireanach den tsraith seo de Giob Geab Gaelbhratach, podchraoladh a thugann léargas ar an scéim seo do scoileanna ar fud na tíre a chuireann an Ghaeilge chun cinn, ó pheirspictíochtaí difriúla.
Seo chugaibh comhrá álainn le hiardhalta Gaelbhratach, Ciara Ní Ghadhra, a d'fhreastail ar Scoil Iosaef, Domhnach Mór. Tá Ciara ag déanamh staidéar ar an Mhicribhitheolaíocht ar Ollscoil na Banríona - áit a bhfuil sí mar chuid de scéim chónaitheach na hollscoile. Labhraíonn sí faoin chinneadh le staidéar a dhéanamh ar ábhar nach í an Ghaeilge í, agus an cúlra atá aici féin leis an Ghaelscolaíocht. Tá laige éisteachta ar Chiara agus rinne a tuismitheoirí cinneadh í a chur chuig an mbunscoil áitiúil, toisc go mbeadh na ranganna níos lú, agus tá Ciara buíoch go deo as an gcinneadh sin nó is uaidh sin a d'fhás an grá atá aici don teanga. Pléann muid tábhacht an chomhoibrithe, todhchaí na Gaeilge agus cumhacht an phobail. An ráiteas is cumhachtaí atá ag Ciara san agallamh seo ná: gur féidir leis an duine aonair forbairt leis an nGaeilge, agus gur féidir leo cuidiú le forbairt na Gaeilge féin.
Cloiseann muid san eagrán seo freisin guth an phobail ar an gceist: Ar cheart do dhaoine le Gaeilge staidéar a dhéanamh ar ábhair taobh amuigh den Ghaeilge?
Míle buíochas le Ciara, Cliodhna, Adhna agus Caoimhe.
Lean Gaelbhratach ar Instagram @gaelbhratach TikTok @gaelbhratach agus Twitter @Gaelbhratach10
Go raibh maith agaibh as an tacaíocht don chéad sraith den phodchraoladh seo. Tá súil againn gur thug sé léargas daoibh ar shaol agus ar scéal na scéime, chomh maith le saol na Gaeilge agus saolta na n-aíonna féin.
Tá Gaelbhratach á reáchtáil ag Gael Linn le maoiniú ó: Foras na Gaeilge, An Roinn Oideachais, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, tríd an Crannchur Náisiúnta agus an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge.
23 Oct 2023
Cóilín Ó Coigligh: Bain úsáid as an nGaeilge atá agat
Seo chugaibh an dara heagrán deiridh de Giob Geab Gaelbhratach, a thugann léargas ar an scéim seo do scoileanna ar fud na tíre a chuireann an Ghaeilge chun cinn, ó pheirspictíochtaí difriúla. Míle buíochas as éisteacht go dtí seo!
San eagrán seo labhraíonn Kathryn agus Ella le Cóilín Ó Coigligh, príomhoide a bhfuil baint fhada aige le Gaelbhratach, a bhí ar an gcoiste stiúrtha don chéad cúig bliana den scéim. Labhraíonn sé faoin tábhacht a bhaineann leis an scoil iomlán a bheith páirteach i gcur chun cinn na Gaeilge, an tréimhse a chaith sé thall san Astráil ar mhalartú poist le príomhoide eile agus an méid a d'fhoghlaim sé ansin, agus fosta faoin ardú croí agus inspioráid a fhaigheann sé ó na paistí. Tagann téama chun cinn san eagrán seo: an tábhacht a bhaineann le cibé Gaeilge atá ar do thoil agat, a úsáid.
Cloiseann muid san eagrán seo freisin guth an phobail ar an gceist: Cén tacaíocht a thig linn a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil cúpla focal acu?
Míle buíochas le Cóilín, Aodhán, Ciara agus Liam.
Lean Gaelbhratach ar Instagram @gaelbhratach TikTok @gaelbhratach agus Twitter @Gaelbhratach10
Tá Gaelbhratach á reáchtáil ag Gael Linn le maoiniú ó: Foras na Gaeilge, An Roinn Oideachais, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, tríd an Crannchur Náisiúnta agus an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge.
16 Oct 2023
Ronan Barrett: Tacaíocht do Thuismitheoirí
Labhraíonn Kathryn agus Ella le Ronan Barrett san eagrán seo: múinteoir bunscoile atá ag stiúradh Gaelbhratach ina scoil féin. Cuireann Ronan an-bhéim ar thacú le tuismitheoirí agus ar dhaltaí a bheith lárnach sa scéim. Pléann sé na buntáistí a bhaineann le cúrsaí Gaeltachta, tugann sé moltaí teicneolaíochta don seomra ranga agus tá go leor moltaí aige fosta ar conas an saol a éascú do mhúinteoirí atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn.
Cloiseann muid san eagrán seo freisin guth an phobail ar an gceist: Cad is féidir a dhéanamh le tacú le tuismitheoirí leis an Ghaeilge a chur chun cinn sa bhaile?
Míle buíochas le Ronan, Gemma, Michael Gerard, Kelley agus Sinéad.
*Ceartúchán: tá ráite san eagrán seo gur múinteoir í Sinéad. Ní hí: Tá sí ag obair le Glór na nGael ar an Scéim Teanga Tí agus ag tógáil a leanaí le Gaeilge.*
Seo chugaibh Giob Geab Gaelbhratach, podchraoladh a thugann léargas ar an scéim seo do scoileanna ar fud na tíre a chuireann an Ghaeilge chun cinn, ó pheirspictíochtaí difriúla.
Lean Gaelbhratach ar Instagram @gaelbhratach TikTok @gaelbhratach agus Twitter @Gaelbhratach10
Tá Gaelbhratach á reáchtáil ag Gael Linn le maoiniú ó: Foras na Gaeilge, An Roinn Oideachais, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, tríd an Crannchur Náisiúnta agus an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge.
9 Oct 2023
Mairidh Nic Cormaic: Beidh an Ghaeilge i mo shaol go deo
Bhur gcéad fáilte chuig eagrán 4 de Giob Geab Gaelbhratach, podchraoladh a thugann léargas ar an scéim seo do scoileanna ar fud na tíre a chuireann an Ghaeilge chun cinn, ó pheirspictíochtaí difriúla.
Inniu labhraíonn Kathryn agus Ella le Mairidh Nic Cormaic, iardhalta Gaelbhratach le Gaelcholáiste an Eachréidh a bhfuil a comhlacht féin aici, Sew It Seams. Pléann Mairidh an cinneadh le héirí as an gcúrsa ollscoile Gaeilge, le dul i dtreo an fhaisin ina áit. Insíonn sí dúinn fosta faoin taithí a bhí aici ar an scéim, an tábhacht a bhaineann le cairdis agus saol sóisialta trí mheán na Gaeilge, an cúrsa Gaeltachta, Spleodar, agus na buntáistí beaga agus móra a bhaineann le bheith mar chuid de phobal na Gaeilge.
Cloiseann muid san eagrán seo freisin guth an phobail ar an gceist: Cén tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge a fheiceáil i dtáirgí agus i ngnónna?
Míle buíochas le Mairidh, Úna Méabh, Seán, Rónán agus Ceithleann.
Lean Gaelbhratach ar Instagram @gaelbhratach TikTok @gaelbhratach agus Twitter @Gaelbhratach10
Tá Gaelbhratach á reáchtáil ag Gael Linn le maoiniú ó: Foras na Gaeilge, An Roinn Oideachais, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, tríd an Crannchur Náisiúnta agus an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge.
2 Oct 2023
Edel Ní Bhraonáin: Tá deis i ngach dúshlán
An tseachtain seo, labhraíonn Kathryn agus Ella le hEdel Ní Bhraonain, atá ag obair ar an scéim Gaelbhratach leis na hiar-bhunscoileanna ó bhí 2018 ann. Pléann sí an tábhacht a bhaineann le bheith réalaíoch ach samhlaíoch, le pobal a chruthú ar ollscoil, agus le tacaíocht. Luann Edel fosta na deiseanna a bhí aici de bharr na Gaeilge: turas go Hong Kong, Teach na Gaeilge, a cuid oibre le Conradh na Gaeilge, agus na Gaeil Óga. Tá manna ag Edel, go bhfuil deis i ngach dúshlán, agus tá sin soiléir ón gcomhrá seo.
Cloiseann muid san eagrán seo freisin guth an phobail ar an gceist: Cén tábhacht a bhaineann le caithimh aimsire trí Ghaeilge, agus cad iad na roghanna atá amuigh ansin?
Míle buíochas le hEdel, John, Eoin agus Edel Ní Churraoin.
Lean Gaelbhratach ar Instagram @gaelbhratach TikTok @gaelbhratach agus Twitter @Gaelbhratach10
Tá Gaelbhratach á reáchtáil ag Gael Linn le maoiniú ó: Foras na Gaeilge, An Roinn Oideachais, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, tríd an Crannchur Náisiúnta agus an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge.
18 Sept 2023
Líosa Breathnach: Daltaí a chumasú
Seo chugaibh an dara eagrán de Giob Geab Gaelbhratach, a thugann léargas ar an scéim seo do scoileanna ar fud na tíre a chuireann an Ghaeilge chun cinn, ó pheirspictíochtaí difriúla.
San eagrán seo labhraíonn Kathryn agus Ella le Líosa Breathnach, múinteoir iar-bhunleibhéal Gaeilge agus Gearmáinise, atá páirteach sa scéim Gaelbhratach le 10 mbliana. Labhraíonn Líosa faoin tábhacht a bhaineann le cumhacht na ndaltaí agus iad a chumasú, faoin tábhacht a bhaineann le comhoibriú le daltaí agus le múinteoirí eile, agus ar na dúshláin a bhaineann leis an scéim, agus conas iad a shárú. Leagann sí an-bhéim ar an fhoghlaim de réir a chéile.
Cloiseann muid san eagrán seo freisin guth an phobail ar an gceist: Cén dóigh ar féidir daoine le Gaeilge líofa a tharraingt le chéile le daoine atá ag foghlaim?
Míle buíochas le Líosa, Daithí, Pádraig agus Gemma.
Lean Gaelbhratach ar Instagram @gaelbhratach TikTok @gaelbhratach agus Twitter @Gaelbhratach10
Tá Gaelbhratach á reáchtáil ag Gael Linn le maoiniú ó: Foras na Gaeilge, An Roinn Oideachais, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, tríd an Crannchur Náisiúnta agus an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge.
11 Sept 2023
Barry Ó Síochrú: Tacaíocht agus saol na Gaeilge i ndiaidh na scoile
Tá Gaelbhratach 10 mbliana ar an bhfód! Fáilte chuig an chéad eagrán de Giob Geab Gaelbhratach, a thugann léargas ar an scéim seo do scoileanna ar fud na tíre a chuireann an Ghaeilge chun cinn, ó pheirspictíochtaí difriúla.
San eagrán seo labhraíonn Kathryn agus Ella le Barry Ó Síochrú, iardhalta Gaelbhratach agus an chéad oifigeach lán-aimseartha don Ghaeilge sa tír, in Ollscoil na Gaillimhe. Tugann Barry léargas ar an spreagadh a thug an scéim Gaelbhratach dó ar thús a aistir leis an Ghaeilge. Labhraíonn sé faoi Fhéile na Gealaí, an Lá Dearg, agus an tábhacht a bhaineann le pobal, tacaíocht agus maoiniú do coistí Gaelbhratach agus na Cumainn Ghaelacha ar an ollscoil.
Cloiseann muid san eagrán seo freisin guth an phobail ar an gceist: Cén ról a imríonn na cumainn ollscoile i saol na Gaeilge i ndiaidh na scoile?
Míle buíochas le Barry, Darragh, Eoghan, Neil agus Eoin.
Lean Gaelbhratach ar Instagram @gaelbhratach TikTok @gaelbhratach agus Twitter @Gaelbhratach10
Tá Gaelbhratach á reáchtáil ag Gael Linn le maoiniú ó: Foras na Gaeilge, An Roinn Oideachais, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, tríd an Crannchur Náisiúnta agus an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge.
5 Sept 2023
Réamhbhlaiseadh Giob Geab Gaelbhratach
Seo podchraoladh ina labhróidh Ella agus Kathryn le baill de phobal Gaelbhratach: múinteoirí, iardhaltaí agus baill foirne. Pléann siad téamaí atá lárnach sa scéim agus i saolta na n-aíonna féin, na dúshláin agus deiseanna a bhaineann leis an scéim, agus an tionchar a bhí ag an scéim ar a saolta.
Bígí linn gach Luan!
Lean Gaelbhratach ar Instagram @gaelbhratach TikTok @gaelbhratach agus Twitter @Gaelbhratach10
Tá Gaelbhratach á reáchtáil ag Gael Linn le maoiniú ó: Foras na Gaeilge, An Roinn Oideachais, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, tríd an Crannchur Náisiúnta agus an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge.
Contact Giob Geab Gaelbhratach
Guest appearances
Does not typically book guests
Based on episode analysis; this does not confirm that the show is currently accepting guests.
Host of Giob Geab Gaelbhratach?
Claim your podcast to manage its listing and keep your show details accurate.
Pod Engine is an independent podcast discovery and analytics service and is not affiliated with or endorsed by this podcast. Artwork and show content belong to their owners. Full legal notice.
Explore this show Podcast research with Pod Engine