

Nuacht Mhall
Conradh na Gaeilge i Londain
5.0from 115 ratings
- 343
- Episodes
- 115
- Ratings
- Daily
- Cadence
- 2020
- First episode
About Nuacht Mhall
Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. The week's main news stories, read slowly in Irish.
- Publisher
- Conradh na Gaeilge i Londain
- Category
- education
- Language
- ga
- Explicit
- No
- First episode
- 28 Jul 2020
- Latest episode
- 10 Oct 2026
Latest episodes
343 episodes in the feed.

10 Oct 2026
10 Deireadh Fómhair 2026 (Tiobraid Árann)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an deichiú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. In Éirinn, fógraíodh Búiséad 2027 le linn na seachtaine. Deir an rialtas go bhfuil sé cóir d’oibrí, ach mheall an plean cáineadh ón bhfreasúra a deir gur theip ar an rialtas aon rud a dhéanamh ar son teaghlaigh atá ag streachailt le costais mhaireachtála. Tá roinnt athruithe beaga ar cháin, leasa, agus tacaíochtaí cúram leanaí ach dar le hanailís a rinne an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta beidh athrú beag nó easpa athruithe i gceist ar ioncam teaghlach. Deir saineolaí ón ITES nach ndéanfaidh an búiséad aon fheabhsú ar bhochtaineacht leanaí, atá ag 7.8% faoi láthair, agus nach ndéannan sé aon dul chun cinn maidir le sprioc an rialtais an fígiúir a laghdú go 3% in 2030. Cuireadh €1 milliún ar fáil don Roinn Oideachais chun tionscnamh “Clár Laochra Teanga na Gaeltachta” a chruthú, clár a tabharfaidh maoiniú do bheirt daltaí i ngach meánscoil sa tír freastal ar chúrsa sa Ghaeltacht. Seachas sin, méadú níos lú na €1 milliún atá á thabhairt don Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na hoileáin sa bhúiséad. Ní bhfuair TG4 aon ardú maoinithe, den chéad uair le 10 mbliana anuas. €65.4 milliún a bheidh acu, mar an gcéanna leis an bhliain seo. Níor bhfuair RTÉ aon mhaoiniú breise ach oiread. I Sásanna, bhuaigh Pairtí an Lucht Oibre an fothoghchán in Holborn agus St.Pancras, a tharla mar d’éirigh an t-iar-phríomh-aire Keir Starmer as mar Fheisire. Bhí an bua ag Sagal Abdi-Wali thar Zack Polanski, ceannaire an Chomhaontais Ghlais. Bhí béim ar an bhfothoghchán seo mar scrúdú ar rath Phairtí an Lucht Oibre faoi cheannaireacht nua Andy Burnham, agus an mbeadh siad in ann an tacaíocht a chaill siad i gcoinne an Chomhaontais Ghlais faoi stiúiriú Keir Starmer a fháil ar ais. Choimeád siad an suíochán ach laghdaíodh an tromlach ó 11,572 go 3,364 vóta. Dúirt Zack Polanski gurbh é an dara toradh is fearr a bhain an Comhaontas Glas amach i bhfothoghchán riamh agus gur bunús maith é le haghaidh tógáil agus forbairt an páirtí. Tár éis an drochthoraidh, ceistíodh Zach Polanski faoi na héilimh ó roinnt baill laistigh den phairtí ag iarraidh go n-eiródh sé as a ról mar cheannaire, tar éis conspóid níos luaithe sa tseachtain nuair a theip air freastal ar dhíospóireacht maidir le rún ag tabhairt sainmhíniú ar an Síónachas mar chineál ciníochais. Dúirt Polanski go cinnte go bhfanfadh sé ina ról mar cheannaire an Chomhaontais Ghlais agus nach raibh aon amhras aige faoi. Tá El Niño ag láidriú agus an buaicphointe le teacht i mí na Nollag agus ag leanúint ar aghaidh go Feabhra 2027. Feiniméin aimsire nadúrtha atá i gceist, a tharlaíonn gach dhá go seacht mbliana, a mhaireann go ceann dha mhí dhéag de ghnáth. Ardaíonn El Niño teocht dromchla i bpáirt den Aigéan Ciúin le athruithe brú, gaoithe agus báistí ar fud an domhain mar thoradh. Ceaptar go mbeidh seo an tarlú is láidre a chonacthas ón mbliain 1950. Chomh maith le hathrú aeráide de dhéantús an duine, bhí éifeachtaí le feiceáil cheana i rith an tsamhraidh agus tá saineolaithe ag tnúth le hardú teochtanna sa chuid is mó den domhan i rith an gheimhridh freisin, agus baol tuilte agus triomaigh mar thoradh. Ní chuireann El Niño teocht nua sa phlainéad ach scaoileann sé teocht atá á stóráil san aigéan, le hardú teocht an aigéin mar thoradh ar an athrú aeráide tá níos mó teocht le scaoileadh. Chuir El Niño leis an teocht in 2024 agus 2023 - an bliain is teo agus an dara bliain is teo a taifeadadh riamh. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS costais mhaireachtála - living costs bochtaineacht leanaí - child poverty fothoghchán - by-election díospóireacht - debate feiniméin aimsire - weather phenomenon teocht dromchla - surface temperature

4 Oct 2026
3 Deireadh Fómhair 2026 (Gaillimh)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an triú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh. Tar éis dóibh cluiche a chailleadh i gcoinne na Cosaive, fuair foireann sacair na hÉireann na chéad trí phointe faighte i Sraith na Náisiún Dé Domhnaigh. Cé gur éirigh leo an lámh in uachtar a fháil ar Iosrael, bua gan lúcháir a bhí ann tar éis cluiche nár cheart a imirt ar chor ar bith, dar le go leor daoine. Fiú roimh an deireadh seachtaine seo, bhí cúrsaí chomh hachrannach sin gur ghá d’UEFA an cluiche a bhogadh go dtí an Ungáir, chun coimhlint idir an dá ghrúpa lucht tacaíochta a sheachaint. Tháinig an crú ar an tairne, áfach, nuair a d’fhógair Gavin Bazunu nach raibh sé toilteanach páirt a ghlacadh i gceachtar den dá chluiche i gcoinne na nIosraelach. Dúirt Bazunu, a imríonn sa chúl le Bolton Wanderers, go raibh a chinneadh bunaithe ar a chreideamh pearsanta nach bhfuil sé ceart daoine neamhchiontach a mharú. Ina ainneoin sin, tá an cuma ar an scéal nach mothaíonn a chomh-imreoirí chomh láidir sin faoin gcinedhíothú sa Phalaistín, ós rud é gur bhuaigh an dream a bhí i bhfabhar na cluichí a chomhlíonadh nuair a reáchtáladh vóta sa seomra gléasta. Le linn an chluiche féin, bhí muinchillí dubha á gcaitheamh ag na hÉireannaigh agus d’ísligh siad a gceann agus amhrán náisiúnta Iosrael á sheinm. Idir an dá linn, cé nach raibh duine ná deoraí de lucht tacaíochta na hÉireann ann, líomhnaítear gur thug lucht tacaíochta Iosrael íde béil chiníoch d’Adam Idah. Buailfidh na foirne le chéile arís tráthnóna Dé Domhnaigh, an t-am seo sa tSeirbia, agus tá sé geallta ag captaen Iosrael, Manor Solomon, go mbeidh an toradh thar a bheith difriúil sa dara cluiche. Go Port an Dúnáin anois, agus níl aon réiteach ar an tsáinn go fóill, gan ceachtar den dá thaobh ag géilleadh go fóill. Thug Coimisiún na bParáidí cead don Ord Oráisteach máirseáil síos Bóthar Gharbhachaidh den chéad uair le hocht mbliana is fiche anuas. Cé go raibh an mórshúil le bheith ar siúl Dé Domhnaigh seo caite, cuireadh cosc air mar gheall ar agóidí ón bpobal náisiúnach. Tugadh doiciméid de réitigh do gach ceann den dá thaobh agus tuigtear go bhfuil siad i mbun plé ar na moltaí. Ag tacú leis na háitritheoirí, tá baill de Chonradh na Gaeilge ann, ina measc Uachtarán na heagraíochta, Ciarán Mac Giolla Bhéin. Tá sé ráite ag Jamie Bryson, comhairleoir dlí don Ord Oráisteach, áfach, nach ngéillfidís choíche, fiú dá bhfaighidís fiche milliún punt. Dar le Coimisiún na bParáidí, rinneadh níos mó ná 2,500 máirseáil i dTuaisceart Éireann ó mhí Aibreáin 2025 go dtí mí an Mhárta 2026. I mBeirlín, tá polaiteoirí Die Linke, ón eite chlé, ag bualadh leis na Glasaigh, nó ‘Die Grünen’, agus leis na Daonlathaigh Shóisialta, nó ‘die SPD’, chun tús a chur le cainteanna comhrialtais don phríomhchathair. I measc ábhair eile, beidh siad ag plé moladh ó Die Linke chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta trí thithe a ghabháil ó thiarnaí talún corparáideacha. Dá mbuafadh Die Linke an lá, ba í a gcomhcheannaire parlaiminte, Elif Eralp, an chéad bhean a bheadh ina méara ar an gcathair. Roimhe sin, áfach, tá fadhbanna le réiteach idir na páirtithe mar gheall ar a gcuid dtuairimí éagsúla faoi Iosrael. Idir an dá linn, tá Seansailéir na Gearmáine, Friedrich Merz, i mbaol fós i ndiaidh na dtorthaí toghcháin tubaisteacha, an ceann a bhuaigh an AfD, nó ‘Alternative für Deutschland’, in Sachsen-Anhalt in oirthear na tíre, san áireamh. De réir na bpobalbhreitheanna is déanaí, is é Merz an ceannaire is measa ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann. bua gan lúcháir - joyless victory lucht tacaíochta - supporters sáinn - standoff áitritheoirí - residents comhcheannaire - co-leader pobalbhreitheanna - polls

26 Sept 2026
26 Meán Fómhair 2026 (An Dún)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Cuireadh bille síos an tseachtain seo a thabharfadh saoire 20 lá do mhná atá i ndiaidh breith anabaí, agus saoire 10 lá do dhaoine atá ag dul faoi chóireáil torthúlachta. Rinne Coiste Fiontair an Oireachtais plé ar an reachtaíocht mholta Dé Céadaoin. Dúirt urlabharlaí ó Pháirtí an Lucht Oibre go n-aithneodh an bille seo an tionchar suntasach fisiciúil agus mothúchánach gur féidir na heispéiris seo imirt ar dhaoine, agus am saor ón obair á chur ar fáil do dhaoine nuair is mó gá. Agus í ag labhairt ar chlár teilifíse Morning Ireland de chuid RTÉ, dúirt Marie Sherlock, urlabhraí sláinte an Pháirtí, nach saincheisteanna sláinte amháin iad breith anabaí agus neamhthorthúlacht, ach saincheisteanna don ionad oibre fosta. Dúirt sí gur chuir a páirtí reachtaíocht faoi bhráid na cúirte cúig bliana ó shin agus gur bhain siad tacaíocht láidir thraspháirtí amach. Dúirt sí go bhfacthas forbairtí suntasacha le déanaí i dtíortha eile, lena n-áirítear an Ríocht Aontaithe, an Nua-Shéalainn agus Málta. "Is é fírinne an scéil ná go gcaithfimid a chinntiú nuair a bhíonn an eachtra neamhchoitianta sin ag oibrí ina saol, cibé acu breith anabaí nó cóireáil torthúlachta é, go dtugtar saoire chomhbhách don ionad oibre dóibh, agus gur cheart dóibh a bheith amuigh ar lánphá," a dúirt sí. Deir Roinn na Gaeltachta go gcuirfear tús leis an phróiseas comhairliúcháin maidir le caighdeáin teanga laistigh de sé mhí. Tagann na caighdeáin in áit chóras na scéimeanna teanga, agus tá an chéim seo ar cheann de phríomhbhearta na reachtaíochta teanga a ritheadh ag deireadh 2021. Bhí sé i gceist an córas nua a chur i bhfeidhm roimh dheireadh 2024 agus imní léirithe ag an Choimisinéir Teanga ó dheas agus ag polaiteoirí faoin mhoill. Faoin chóras nua caighdeán teanga, leagfar dualgais chaighdeánacha teanga ar chomhlachtaí poiblí bunaithe ar an mhéid teagmhála a bhíonn acu leis an phobal. Ag cruinniú de choiste Gaeilge an Oireachtais Dé Máirt, dúirt an Dr Aodhán Mac Cormaic, Ceannasaí Roinn na Gaeltachta, go raibh cur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga sin níos casta ná aon rud eile a bhí feicthe aige. “Tá mise 40 bliain sa státseirbhís an mhí seo chugainn agus níor tháinig mé ar phíosa oibre chomh casta leis an phíosa oibre seo atá ar bun don togra seo uilig,” a dúirt an Dr Mac Cormaic agus é ag labhairt ar ullmhú na gcaighdeán, an sprioc earcaíochta 20% agus na bearta eile ata mar chuid d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. Cuireadh thart ar 2,000 duine amach as breis agus 300 teach i Falmouth i gCorn na Breataine agus saineolaithe ag plé le buama ón Dara Cogadh Domhanda a aimsíodh san fharraige. Glaodh ar na seirbhísí éigeandála ar 9.15 ar maidin nuair a aimsíodh gléas a chreidtear a bheith ina bhuama aeir Meiriceánach nár phleasc ón Dara Cogadh Domhanda san uisce. Cuireadh crios eisiaimh 300m i bhfeidhm ar dtús, a leathnaíodh go 755m. Cuireadh seirbhísí traenach idir stáisiúin Dugaí Falmouth agus Baile Falmouth ar ceal. Thug Póilíní Devon agus Chorn na Breataine rabhadh: “Má leathnaítear an crios slándála agus má tá cónaí ort laistigh den limistéar seo, moltar go láidir duit do theach a fhágáil faoi 09:00.” Chuaigh an crios eisiaimh i bhfeidhm ar 339 teach. Bunaíodh ionad aslonnaithe ag Eaglais All Saints ar Shráid Killigrew, áit a raibh réimse brioscaí, tae, caife agus luchtairí fón ar fáil d’aon duine a bhí curtha as a dteach, agus gabhadh buíochas le cónaitheoirí as a bhfoighne agus a gcuidiú i rith an ama. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS breith anabaí - miscarriage torthúlacht - fertility próiseas comhairliúcháin - consultation process sprioc earcaíochta - recruitment target crios eisiaimh - exclusion zone cónaitheoirí - residents
Reach and audience
Public platform figures. Ratings count people who left a rating, not total listeners.
- Apple Podcasts (US)
- 5.0 / 5
- 19 ratings
- Spotify
- 5.0 / 5
- 96 ratings
Contact Nuacht Mhall
- Guest appearances
- Books guests
Based on episode analysis; this does not confirm that the show is currently accepting guests.
Shows with a similar audience
Host of Nuacht Mhall?
Claim your podcast to manage its listing and keep your show details accurate.
Pod Engine is an independent podcast discovery and analytics service and is not affiliated with or endorsed by this podcast. Artwork and show content belong to their owners. Full legal notice.
Explore this show
Podcast research with Pod Engine





