Tá seachtain chorrach, ghnóthach eile i ndiaidh a bheith ann ó thuaidh. Ar Bhóthar Gharbhachaidh, ceantar náisiúnach i bPort an Dúnáin, tá slua mór léirsitheoirí ag iarraidh stop a chur le mórshiúl de chuid an Oird Oráistigh, dul tríd a gceantar. Leis an aighneas seo ag leanúint ar aghaidh le breis is seachtain anois, tá an t-iriseoir Ciarán Dunbar liom le tumadh isteach sa scéal agus sa stair. Mórshiúil: Parade Aighneas: Discord Fir bhuí: Orange men Srianta: Restrictions Iarratas: Application Cinneadh: Decision Gheall sé: He promised Cónaitheoirí: Residents Mí-ord: Disorder Círéibí: Riots Lámh in uachtar: The upper hand Cuir faoi chois: To oppress Foréigean: Violence Achrann: Acrimony Neamhaird: To pay no attention to Scoilte: Divided
See omnystudio.com/listener (https://omnystudio.com/listener) for privacy information.
1 Oct 2026
An Clár: An contae a chaill a chuid Gaeilge ach a choinnigh an ceol
Tá clú agus cáil ar Chontae an Chláir sa lá atá inniu ann mar gheall ar an gceol, ach ní i bhfad ó shin a bhí Gaeltacht fhairsing láidir sa chontae. Mar a bheadh foláireamh soiléir ann ó aimsir a chuaigh thart, chaill an Clár a cainteoirí dúchais lenár linn féin. Agus ansin, rinneadh dearmad gur ann di riamh. Ach tá daoine ag obair chun stair na Gaeltachta sin a chur in iúl do mhuintir an chontae agus fiú chun Coláiste Gaeilge Charraig a’ Chabhaltaigh a oscailt in athuair. Duine acu sin ná an Dr Síle Níc Ní Choincheannain. Is léachtóir san oideachas le saineolas sa Ghaeilge í i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Labhair sí le Ciarán Dunbar faoi Ghaeilge agus faoi Ghaeltacht an Chláir, agus faoi na hiarrachtaí chun Coláiste Eoghan Uí Chomhraidhe a oscailt arís.
See omnystudio.com/listener (https://omnystudio.com/listener) for privacy information.
24 Sept 2026
Rebuilding Oileán Gabhla: Daoine ag filleadh tar éis 50 bliain
Tréigeadh go leor oileán Éireannach thar na blianta. Oileán Ghabhla mar shampla, áit a bhfuil cáil air mar gheall ar an amhrán Báidín Fheilimí. Tá sé suite tuairim is míle amach ó chósta Dhún na nGall. Agus tráth dá raibh, bhí na scórtha teaghlach ina gcónaí ann. D'fhág siad an t-oileán sna 1960í áfach. D'fhág na pobail a bhí ag saothrú a slí beatha ón talamh agus ón fharraige agus bhog siad anonn go dtí an mhórthír. Anois, leathchéad bliain ina dhiaidh sin, tá beatha ag teacht ar ais chuig an oileán de réir mar atá daoine ag filleadh ar a chladach arís. Ar Seachtain, labhair an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin faoin bheocht agus faoin bhfuinneamh nua atá á chur ar ais i nGabhla. Foclóir: Bád farantóireachta: Ferry Go buan: Permanently Earraí: Goods Ag dul i léig: Declining Banaíodh an t-oileán: The island was deserted Ar leac an dorais: On the doorstep Deontas: Grant Gineadóirí: Generators Athchóirigh: Renovate Bonneagar: Infrastructure Leathanbhanda: Broadband Ag obair go cianda: Working remotely Uathúil: Unique Sainiúil: Distinctive Teas: Heat Ar cíos: Rent Iargúltacht: Remoteness
See omnystudio.com/listener (https://omnystudio.com/listener) for privacy information.
Who has been a guest on Seachtain
Names identified in recent episode analyses. Showing up to five guests.
Dr Katie Whelan
Naoise Dolan
Áine Ní Bhreisleáin
Julian de Spáinn
Colm Mac Eachmharcaigh
Reach and audience
Public platform figures. Ratings count people who left a rating, not total listeners.
Apple Podcasts (US)
5.0 / 5
4 ratings
Spotify
4.8 / 5
51 ratings
Contact Seachtain
Guest appearances
Books guests
Based on episode analysis; this does not confirm that the show is currently accepting guests.
Pod Engine is an independent podcast discovery and analytics service and is not affiliated with or endorsed by this podcast. Artwork and show content belong to their owners. Full legal notice.
Explore this show Podcast research with Pod Engine